Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gort Rúscach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Siolbhrain (Shelbourne)
- XML Leathanach 084
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ceann mí-ádhmharach leis
8) Má castar socraid ort is cóir iompódh, agus trí choiscéim a chur díot leis ( trí choiscéim na trócaire)
9) Má tá nós ag an gcoileach glaodhach ar uair an mheadhon oidhche, nó teacht ar lic an dorais, agus glaodhach fé thrí ann, cómartha é sin go bhfuil sé ag bagairt an bháis ar dhuine éigin de'n líon-tighe
10) Ní cheart ionad dorais a bhí sa tigh leis na bliadhanta a dhúnadh, ná sean-phasáiste, nó beárna a dhúnadh.
11) Níl sé ceaduighthe bláthanna a phiocadh as lios, é a leagadh, ná tigh a thógaint air, ná aon bhaint a bheith agat leis, ar eagla go bhfágfadh na daoine maithe aon mhácaill ort.
12) Ní cheart éadach dhuine marbh a ghearradh, ach is féidir iad a ghiorrú nó a leigint leo le h-uamanna, nó le h-iad a scaoileadh. Is cóir iad a chatiheamh fé thrí ag an Aifreann Dia Domhnaigh.
13) Mí-ádh iseadh é do'n duine go mbeireann bó aige Lá Coille, nó go mbíonn dhá laogh ag boin(leanann ar an chéad leathanach eile)