Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)

Suíomh:
Gort Rúscach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Síghle, Bean Uí Thuama
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Siolbhrain (Shelbourne)
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Dreoilín ó Chill na Fuinseoige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí dreoilín i gCoill na bhFuinnseóg tráth, agus ní raibh aon dhreoilín eile san áit sin ach é. Dubhairt na buachaillí timpeall na h-aite go marbhóchaidís an dreoilín, agus go raghadh siad amach lá 'le Stiapháin. D'airig an dreoilín iad, agus dubhairt sé leis fein go imthigheóchadh sé as an áit ar fad.
    Sar a dtainig lá 'le Stiopháin d'imtigh sé agus níor stad sé gur bhain sé amach Sliabh Tuirc. Bhí sneachta ar an dtalamh, d'fheach sé annso is annsúd chun foithin d'fhagháil amach do féin, bhí sé ag cua agus af cua fé dheire fuair sé poll fé bhun chrainn!
    Isteach leis, agus cad a bhí ann, ach tigín lán de choirce is de cruithneacht! D'ith sé a dhothain, luigh sé síos, agus chuir sé a cheann fé 'n a sciatháin.
    Níor bhfada gur airigh sé gleo mór ag teacht chuige; cad a bhí ann ach luch! "Cad a thug annso thú?" Thosnuigheadar ag troid, agus níor
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ashgrove, Co. Chiarraí