Scoil: Threemilehouse (uimhir rolla 342)
- Suíomh:
- Teach na dTrí Mhíle, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: I. Mc Eneaney
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Threemilehouse
- XML Leathanach 390
- XML “Nósanna an Phósta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Caithtear sean-bhróg i ndiaidh lánamhan nua-phósta le ádh a chur ortha.
2) Níor cheart do'n Bhrídeóig filleadh chuig a baile féin i rith an chéad mhí taréis pósta.
3) Deireann na seandaoine igcomhnuidhe gur aoibhinn do'n bhrídeóig ar a shoillsigheann an ghrian.
4) Má tá an chéad leath de lá na bainse fliuch, deirtear go bhfuil sé mí-ádhmharach do'n bhrídeoíg, mar go mbeidh deóra 'na súilibh i gcomhnuidhe. Má tá an leath deireannach fliuch, tá sé mí-ádhmharach d'fhear na bainse, mar béidh triobloíd ag cur isteach air i gcomhnuidhe.
5) Nuair a bhíonn lánamha nua-phósta ar a mbealach abhaile, casann sluagh daoine ortha le buidéal uisge beatha. Ólann siad cuid de, agus briseann siad an buidéal ar chloich. Bhí seo coitcheannta triocha bliadhain ó shoin.
6) Deirtear go bhfuil sé mí-ádhmharach don lánamhain má's caílín ruadh an chéad duine a chasann ortha.
7) Bhí sé coitcheannta dá fhichead bliadhain ó shoin, go rachadh fear le h-asal agus carr chun casadh ar an lánamhain ar dtús.- Bailitheoir
- Éighneachán Mac Conaonaigh
- Inscne
- Fireann