Scoil: Threemilehouse (uimhir rolla 342)
- Suíomh:
- Teach na dTrí Mhíle, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: I. Mc Eneaney
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1/ Bhí nós ag muinntir na Conndae seo an marbhán do chur ós cionn cláir ar an mbórd, ó lá bháis go dtí lá na sochraide.
2/ D'imrightí cluichthe i rith an sóttaim. B'iad na cinn ba thabhachtaighe orta siud ná "an pósadh", "Falluidheachta," "Díol na Feóla," agus "Bualadh Bos", rl.
3/ Nós an- choitcheannta imeasg na ndaoine a b'eadh "caoineadh" na marbh, timcheall tríocha bliadhain ó shoin. - Cuirtí an cóinra ar chathaoireachaibh 'san tsráid, agus nuair a thógtaí an cóinra leagtaí na cathaoireacha
2/ Tugtaí an cóinra chuig agus ó'n séipéal ar ghuailnibh cheathrair fear de'n ainm sloinne chéadna leis an mharbhán.
3/ Nuair a bhíodh an marbhán eádtrom, deirtí gur comhartha é go bhfuigheadh duine eile den tsliocht bás gan mhoill.
4/ Deirtí fresin gur sonasach an marbhán ar a dtuiteann an fhearthainn.