Scoil: Clones (Clochar Lughaidh) (uimhir rolla 15041)
- Suíomh:
- Cluain Eois, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: Sr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clones (Clochar Lughaidh)
- XML Leathanach 303
- XML “Tórramh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tar éis bháis duine thagadh beirt de shean-mhnáibh carthanacha agus nighidís an corp agus chuirdís os cionn cláir é Chruinnigheadh na comharsanna fré céile isteach chuig an bhfairce agus chun coimhbhróin a dhéanamh le gaolta an té bhéadh os cionn cláir. Dá mbadh sean-dhuine bhéadh basuighthe bhíodh chuile cineál cluicthi ag lucht an torraimh m.sh "ag bualdh bos", "ag Díol na Feola" ;- cleas an-ghreannmhar seadh é seo -; "an Pósadh"; "buachaillí Tuighe"; "An Mhuch";"Buachaill Phuist"; agus a lán eile.
Bhíodh snaoisín, tobac agus píopaí ar an torramh agud braon beag dighe fresin. Bhíodh "Mná caointe" ag dul thart ag caoineadh na marbh freisin. Chaoinisís dreas le tuitimh na h-oidhche, dreas eile um mheadhon-oidhche agus dreas eile le breacadh an lae. Bhíodh na mná seo íocaighthe le haghaidh na h-ocáide agus ingihtear scéal greannmhar faoi bhean-chointe a théigheadh thart fadó. Tharla go raibh sí seo ag caoineadh os cionn cuirp a bhain le daoine gallda. Seo an cainnt a bhíodh ar siubhal aici le linn dí a bhí ag caoineadh: -"Ochón, ochón, bail no codach ar an gcuid eile a gaibh i dtreo is go saothruigheadh mo dheich sgilling oraibh."
Lá na socraide leagfaidhe an chomhra as ceithre chathaoir ar aghaidh na tsáirighe agus caoinfidh dreas os cionn an chuirp. Annsin crocfaidhe an chomhra ar ghuailnibh daoine chunna roilge. Ba ghnathach le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Vera Roy
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Eois, Co. Mhuineacháin