Scoil: Cor Críochach

Suíomh:
An Chorr Chríochach, Co. Mhuineacháin
Múinteoir:
Ss. Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0934, Leathanach 356

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0934, Leathanach 356

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cor Críochach
  2. XML Leathanach 356
  3. XML “Seán Mac Cába agus an Gasún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Chaill mé ar an aonach é." arsa Seán.
    "A ghráidhe Mhic Chába, dhíol tú mo ghasún, dhíol tú mo ghasún,," ar sise. "Béidh gearrán maith agat anois i n-áit do shean-ghearráin bháin ar luach Pháidí againn-se."
    'Un [?] na Carraige léithe íochtar a clócha thar a cionn. Tháinig sí go dtí áit in-a rabh gallúnach á dhéanamh an uair sin. Mhothuigh sé an boladh.
    "Nach mothuigim a bholadh a róstadh! Nach mothuigim a bholadh a róstadh!" ars-'an bhean bhocht.
    Abhaile léithe aríst. Chuaidh sí amach as sgairtigh akgus ag caoineadh ar n cruic. Chruinnigh na comharsana isteach chuici.
    'Se mur mbeatha a dhaoine mhodamhla Churraigh Bhreacáin," ar sise. "go dtí an toigh tórraidh (torramh) [?] ach gá'l (cá bhfuil) an corp gá'l an corb?"
    Bhí fair sa toigh an oidhche sin agus na daoine uilig cruinnighthe ann. Fuair máthair Páidí a bhróga agus chuir sí ar chlár iad.
    'Och," ar sise, "seo na bróga ach gá'l na cosa, gá'l na cosa!"
    Tar eis oidhche fhada bhrónach a caitheamh mar sin an bhean bhocht ag sgreadach agus ag caoineadh rith an ama tháinig Páidí abhaile le breachadh an lae i ndiaidh oidhche a chur thart i dtoigh carad in-a rabh damhsa [?] cupla míle ó'n a toigh féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Muireadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó h-Ionnrachtaigh
    Inscne
    Fireann