Scoil: Cor Críochach

Suíomh:
An Chorr Chríochach, Co. Mhuineacháin
Múinteoir:
Ss. Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0934, Leathanach 351

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0934, Leathanach 351

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cor Críochach
  2. XML Leathanach 351
  3. XML “Filip an Mhinistir agus A Athair”
  4. XML (gan teideal)
  5. XML “Seanfhocla agus Seanráite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seo dhuid mo ghearrán agus mo shrian.
    Agus a choichche na théidh (téigh) chuig an diabhal ar do chois.
    Fuair mé an giota sin thuas ó Peadar ó hIonnrachtaigh, Cor Dubh Ceallaigh, Carraig Machaire Rois, fuair sé bás triocha bliain ó shoin. Bhí sé 60 bliaina d’aois no mar sin nuair a d’éag sé. Bhí Gaedhilg mhaith aige agus togha béarla fósta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    An uair a chaillfeas an leomhan a neart...

    An uair a chaillfeas an leomhan a neart.
    Agus a’ famhnán breac a bhrigh
    ‘Sin bhéas a’ chláirseach a’ caoineadh go binn.
    Eadar a’ t-ocht ‘sa’ naoi.
    Tarangairiacht dobh eadh é sin i dtaobh Saoirse na h-Éireann.
    An leomhan = Sasana. An famhnán breac = Alba. An chlairseach = Éire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Muireadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
  3. Duine óg cráibhtheach ádhbhar sean-diabhail.
    léigheas na póite a h-ól aríst. (póit, an tart abhíos ar dhuine i ndiaidh ólacháin).
    Teana (deán) marc na croise ach mur dtig leat marc na croise a dheánamh chanfuil an creideamh ceart agat.
    Níl dual nó sliseóg d’á rabh in do gháid (athair) nach fheil ionnat féin.
    Is furas fuil a bhaint as cionn carrach.
    Cúig phont ar bhréig sul a mur mbéitheá buailte.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.