An Rábaire Saorlinn
Theannas liom cun imtheacht ó’m mhuinntir,
Is tarrac liom síos cois Féile
Mar d’airigheas dhá go minic idir daoine
Go bhfaghfinn-se obair mo chéirde ann
Ag taisteal na slighe dhom do chasadh chun tighe mé,
Is d’iarras cead suidhe go séimh ann
Ach d’fhreagair gan mhoill an tsean bhean críonna
Agus dubhairt na raibh aon slighe aici d’aoinnne
11.
Do labhair an bhrighdeach leis an mhnaoí chríona
Agus d’fhiafruig an raibh ‘na croidhe aon daonnacht
Agus Rabaire Saoirlinn do chur amach san oidhche
Ag taisteal na slighe agus é ‘na aonar,
Mara bhfuil tuighe agat ná leabaidh 'na luighfidh-se
Tabhair cead suidhe istigh féin dó
Mo hata gur sgaoileas de mhullach mo chinn
Agus ghabhas léi míle buidheachas”
111.
Nuair a bhí am cun luighe againn cuireadh síos mé
Go rúmín greanta ba réaltac
Mar a raibh leabaidh chlúimh ann fé bratacha líne
(leanann ar an chéad leathanach eile)