Ó Donnchadh an Ghleanna
Comh fada agus is féidir liom a dheanamh amach ó bhéaloideas na sean-daoine i nGleann Fleisge i dtaobh muinteardha (Uí) Donnchadh agus is beag de sin atá le fagháil anois.
Ní ró mhaith an teist a bhí amuigh ortha imeasg muintir an ghleanna. Tíoránaigh cruaid fealltacha do beadh iad agus bhíodar an chruaidh ar dhaoine bhochta an ghleanna – más fíor na sean daoine. Seo cúpla sgéilín a bfuaireas
(1) Nuair a bhí Domhnall Ó Donnchadha mar taoiseach san gleann bhí sé an-dían ar fad ar mhuinntir an ghleanna bhí gasra mór saighdiúir aige san gcaisleán.
Théighidís amach go minic ag scuabadh stuic ó na ndaoine agus do marbhuightí fiche éigin mairt gach seachtmhain cun iad do cothughadh agus leigifidís na seithidhe leis an abhainn siar míle ó Chill-Áirne. Tugtar seithridhe as an áit fós. Theighidís amach comh fada soir go Baile Mhuire ag fuadaig na mbeithidheach ó na daoine nuair ní bhíodh siad ag muinntir an Ghleanna.
Do thárla go raibh baintreabhach ‘na comhnuidhe
(leanann ar an chéad leathanach eile)