Eibhlín Ní Néill
1.
Bliadhan ‘s an taca-sa phósas is is eadtrom seolta a bhíos
Bhí peidhrí de bhuaitisí nua orm, mo hata is mo léine bhuidhe
Do casadh go bothán gan treo mé
Go raibh solas tré thóin a tighe
Is truagh nár fuilim-sé breoidte o’n lá
Do gheallas do gheobhainn le mhnaoi
11.
Nuair a théighim go dtí an Aifreann Dia Domhnaigh
Is nuair a chím na mná óga ag teacht
Ar ndóig nuair na feicfinn mo stóirín
Sileann fuil sróna amac
Tá an ghruaig ag imteacht ‘na ceo dhíom
A thaisge is a stór mo chroidhe
Is thar cailíní deasa na h-Éireann
‘Sí Eibhlín Ní Néill mo mhaoin
111.
Eibhlín a laogh “Dont blame me”
Ac feastuig is éaluig lium (liom)
Do phósfainn í gan fhios do’n t-saoghal seo
Is do’n sagart dá mféidir liom
Do phósfainn í gan fhios do’n t-saoghal seo.
Is do’n sagart da mféidir liom
(leanann ar an chéad leathanach eile)