Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (C.)
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Brighide agus na Buachaillí Bána”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i mbarra an t-simné. Anois dubhairt ‘na aigne féin go raibh a ré caidthte mar ná raibh aici acht í féin.
    Mhothuigh sí go feilmeannta agus rug sí ar tuagha a bhí sa chúinne. Do sheas sí ar aghaidh Puill an Deataigh amach agus mar b’adhmharaighe a domhain b’é ceann an duine a tháinig anuas agus tharraing Brighidhe an tuagha i dtreoraí a chinn agus a mhuinéil agus sgiob an ceann de. Bhí fear in diaidh fir ag teacht anuas agus í a bhaint na gcinn díobh go dtí go raibh mór-sheisear ar lár aici. Do bhéic an beitheamhnach d’fhan beo i mbarra tsimné ar fear an tighe – “díolfair ar fé mhaidin”ar seisean “a bhfaghadsa congnamh.”
    Do ghlaoidh agus do luig Brighide ar fhear an tighe airís teacht fóirithint uirthi. Níor cualad’ sé í agus sí fé an choingeal do mhúcadh ac theip uirthi. Fé dheire is fé déanaighe do bheir sí ar an gcoingil agus do sháidh sí san uisge í. Annsan mhúscail muinntear an tighe go léir. Nuair a tháinig an fear a’ tighe cun na cistineach ba dhóbair go dtuitfeadh an t-anam as nuair a chonnaich sé na cuirp go léir agus an fhuil ag imtheacht ar fuaid an tighe. “A Mhuire Brighide” ar seisean “cad a mhairbh na fir de mhéid d’urlabhradh d’fhan aige. “Do mharbhuigheas iad” arsa Brighide. “Dein-se beagáinín truagh dóibh agus imthig go mear agus tabhair leat na saighidiúirí.” Thánadar agus do nigheadh agus do glanadh na cuirp. Do bheireadh ar na bidtheamhnach d’fan beo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ua Loinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Fleisce, Co. Chiarraí