Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 062
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1.
Is brónach mise anois agus is cúis dom fé ndear’
M’óige d’imthigh, thuiteas is is cuachmhar lag táim
Cun búird nuair a shuidhim ní fheicim duthracht le fáil
Nuair nach eól om imirt cluiche luibh (eo)lais na mná11.
Fóill a chuid ná cuir ó’m chúram mé ar fán
Gheobhaidh tú cion, uraim,súgaras is páirt
Spórt is sult i gcluiche, flúirse agus dáimh
‘S’ taobh cóiseamh imirt cluiche chuig ní’l le fághail111.
Gheobhaidh tú briseadh cuiginne i crudhthach agus an t-ál
Óg-mhairt saille, fuinnead, plúr ‘gus ‘rán
Sróill mar culaith o’n siopa is fút each cun ráis
Agus cóir cun luighte ar clúimh leabhtan árd’1V.
An Bhean
Ní raghad-sa leat anois agus is cúis dom fe ndear’
Is mór go sine tú Dúbail ná táim
Do bhóthar imthigh is ná -- uille chugham-sa ná trácht
Agus raghad le duine a bhfainfead uaid is a ghrádNóta
Bhí Donnchadha pósta an tarna uair agus bhí an tarna bhean i bhfad níos óige ná é. Ní raibh aoinne clainne acu agus ní rabhaadar ag gabháil ro-mhaith le chéile mar tá sé ráidhdte riamh na bíonn grádh gan clann.
Comhrádh idir é féin agus a bhean atá san amhrán so.- Faisnéiseoir
- Rudhraí Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coimín an Bhroic, Co. Chiarraí