(ar lean ón leathanach roimhe)
Ní gheallfadh mo chroidhe aon oidhche ins an t-seachtmhain leat,
Is is dóca ná gheallfad go bhfuigidh mé bás.
Ach imtheóchad le m’ fhibín nó le m’ chladhaire ar mhearthall
Caithfir tú dh’ighilt mar bhfaighfear scartha binn
Conus d’fhéadfainn-se foidhne le cladhaire sean-duine
Istoidhche ag cneadaig is síor cnáimhseál
1V.
Ar luighe ar mo leabaidh dom go h-atuirseach léanmhar
‘Seadh d’airigheas gur cailleadh an sean-donán
D’eirigheas im’ sheasamh is do ghabhas míle buidheachas
Leis an té fuair marbh é sínte ar lár
D’airigheas dá fhúsgailt is dá músgailt eatorra
Gurbh í an láir ruadh do bhuail is marbh é
Beir an sgeal uaim go dtí buachaillín barr-dheas
Gur cuireadh mo shean-duine i gCill-Cnocáin
Nóta
Deireann Rudhraí gurbh é Donnchadha “ac” Seamais Uí Conchubhair a dhein an t-amhrán so. Do mhair Donnchadha i gCuimín a’ Bhric thoir in aice teorann na gCondae Chiarraighe agus Corcaighe breis agus cead blian ó shoin. File maith do beadh é agus bhí cáil mhór air le a linn, ach ní’l ach fíor-bheagán dá shaothar le fághail anois. Seo ceann eile a thug Ruadhraí dom.