Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ráithín (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 056

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Ach oidhche na bainise tháinig an marbhán chúici agus thárla an comhrádh seo eatorra. Níor chomhnuig sí leis an bhfear eile i n-aon chor annsan agus do cailleadh í sar i bhfad. Cuireadh í taobh leis an mbuachaill i gCill-Átha, Gleann-Fleisge, Cill-Áirne agus tá sé ráidte gur fhás dhá chrann ar an dá uaig a d’aontuigh le chéile.

Amhrán

Tá spéir bhruinneal thaithneamhach, bhanamhail, ghrádhmhar chaoin

Amhrán
Ó bhéal-aithris, Domhnaill Uí Luinneacháin, Lios na gCeann, Cill-Áirne

1.
Tá spéir-bhruinneal-thaithneamhach, bhanamhail, ghrádhmhair, chaoin
Dom’ chéasadh le sealad i ngan fhios dom’ cháirde gaoil,
D’fhág tréith mé gan tapa faoi fheannaid gach lá dom snaoidhe
Agus éifeacht a h-ainm ná chanaim ach grádh mo chroídhe.
11.
Is léanmhar gan aiteas, lag, atuirseach cráidhdte bím,
Ó’n a dhearchas ainnir chiúin chailce na maoth-chrobh mín,
D’fhág céadta gan tapa gan mhairg gach lá dá dhruim,
Is ní’l réidhteach mo cheasradh ag a maireann gan grádh mo chroidhe.
111.
Tá caora ‘na leacain ag caismirt le scáil an aoil,
‘S a craobhfholt thuig fhada ‘na ndláthaibh go meadhon a clí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Domhnall Ó Luinneachaín
Inscne
fireann
Seoladh
Lios na gCeann, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge