Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ráithín (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Eoghan Ruadh agus an Sagart

Cuireadh Eoghan Ruadh fá dhéin an t-sagairt uair amháin agus tharla go raibh an abha fá thuilleadh ag an am agus go raibh ortha a threasnú.
Chuaidh an Sagart ar dhruim Eoghain le n-a iompar treasna agus nuair a bhíodar araon istigh i lár na h-abhainn thosnuigh Eoghan ag cumadh ceathramhan ná raibh ró-chóir dar leis an sagart, “Ó” ar seisean le h-Eoghan ”tá an diabhal thiar ort.” “Má tá” arsa Eoghan “ní fada a bheidh” agus leig a ualach siar isteach san abhainn

Donnchadh Ua h-Éighcéartaigh an File

Bhí file i nGleann Fleisge fadó darbh' ainm Donnchadh Ua h-Éighcéartaigh agus bhí sé pósta fá chúig. D’iarr duine de sna comharsanaibh de lá
“Ciacu desna mnáibh is mó a bhfuil gráin agat uirthi?”
“An té do mhair” ar seisean.
Bhí beirt dhriothár ag Donnchadh agus filí a beadh an triúr.
Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:- Seán Ó Conaill
Béarna, Gleann Fleisge, Cill Áirne
A aois:–76 Feirmeóir

Faisnéiseoir
Seán Ó Conaill
Inscne
fireann
Aois
76
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
An Bearnas, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge