Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Eoghan ina Spailpín Arís

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Eoghan ‘na Spailpín airís

Bhí Eóghan Ruadh ag baint prátaí i gCondae Luimnigh tráth. Is amuigh i scioból éigin leis na ba a bhí an sórt leabthan aige – tuighe leabhta ar úrlár an lochta agus balcais éadaigh caithte anuas air. Cé go raibh an feirmeóir mustarach a dóithín mar dheadh dearuigheann sé ná raibh sé ró gustalach mar ba mhinic a bhí na ba ag géimnigh leis an ocras aige.
Bhíodh Eoghan an-leisciumhail gach maidean agus ba mhinic a thug sé uair a chluig uatha é a dhúiseacht. An mhaidean seo ac go h-áirighthe bhí an feirmeóir ag glaodhach ar Eoghan “An bhfuilir ‘d’ shuidhe fós” ar seisean. “Airiú” arsa Eoghan leis “Dá mbeinn sa tuighe is fado a bheinn ithte ag na buaibh.”

Teanga
Gaeilge