Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Eoghan agus an Garsún

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Eoghan agus an Garsún

Lá amháin nuair a bhí Eoghan ag siubhal thart do féin i gceanntar an Fhaithche bhuail garsún cabaireach leis. Labhair sé le hEoghan agus d’iarr pingin air. “Agus cé hé tusa” arsa Eoghan. “Ní fheadar” arsa’n garsún “ach deirtear gur mach le h-Eoghan Ruadh me” “An ndeir tú liom?” arsa Eoghan. “Bhoil an chéad babhtha eile a chasfair liom, “Bhéarfaidh mé sgilling duit”
Céard a dhéanfadh an garsún taréis sgartha leis ach an portach a threasnú agus bualadh leis airís ar an mbóthar. Chuir sé ceist ar Eoghan an sgilling a gealladh a thabhairt do.
“Ní foláir no gur mhach d’Eoghan Ruadh thú mar ní chuimhneóchadh aoinne eile ar a leithéid chleas” arsa Eoghan ag tairisgínt na sgillinge dó.

Teanga
Gaeilge