Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cailín Deas Crúite na mBó agus an Sagart

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Cailín deas crúidhthe na mbó agus an Sagart

Suas le céad bliadhan ó shoin no mar sin bhí duine éigin breoidhte i gCúm a’ Locha, Gleann-Fleisge agus mar seo tráthnóna agus an oidhche ag tuitim do cheap a mhuintear go raibh sé ag fágháil bháis agus do cuireadar fios ar an sagart. Bhí an sagart agus an buachaill ag tiomáint leo ar an mbóthar go dtí gur casadh siad áit go raibh fothracaha tighe ann.
Nuair a bhíodar ag gabháil thart ‘airigheadar an t-amhrán breágh á cantan ag duine éigin istigh ann, agus b’é an t-amhrán é ná “An Cailín Deas Crúidhte na mbó.” Thaitin sé comh mór san leo gur stadadar ag éisteacht leis an amhrán gur críochnuigheadh é. Dubhairt an sagart leis an mbuachaill dul isteach go dtí an tigh féachaint cé a bhí ag gabháil an amhráin a thaithn comh mór san leo. Isteach leis agus ní raibh aoinne istigh roímis. Tháinig sé amach airís agus d’inis sé an sgéal dó. Do stad an sagart tamall ag mactnaimh agus annsan d’iarr sé ar an mbuachaill cloch a thabhairt dó. Do thug agus do chaith an raga d’urear í fé dhéin an tighe. Láithreach bonn d’éirigh an t-éan mór dubh as an sean-fhocrach agus lasaríocht ‘na dhiaidh. Bhí iongnadh an domhain ar an mbuachaill agus d’iarr sé de’n sagart cad é an bhrígh a bhí leis an méid sin. “Tá” arsan sagart “an méid seo. Sin é an Diabhal a choimeád mise annso in ionad seirbhís Dé a dhéanamh.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Domhnall Ua Loinghsigh
Inscne
fireann
Aois
80
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
An Chlaoideach Rua, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge