Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ráithín (C.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

lucht na creiche. Chuaidh na beacha isteach san bheacair airís agus d’imthigh Gobnait abhaile leis an gcreich.

Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh – Pádruig Ó hÉaluigh
A Sheoladh – Cluain Caoin, GleannFleisge, Cill-Áirne
A aois 65 Gairm-bheatha - Feirmeóireacht

An Gaduidhe Mór agus an Sagart

Bhí gaduidhe mór i nGleann Fleisge fadó – na ceadta blian ó shoin – agus dar ndóigh bhí go leor acu dann sa t-sean aimsir má’s fíor na sean scéalta. Níorbh aon iongadh gur tugadh Gleann Fleisge na mBitheamhnach ar an áit. Ach an gaduidhe mór seo b’é ainm a bhí air ná Cian agus tugtaí Cian na mbeann n-Óir air de bhrigh go raibh sé amuigh air go raibh cáirne airgid foluighthe aige san bpluais ‘na raibh comhnuidhe air i bFaill a’ deamhain.
Níor ghoid sé oiread is pingin ruadh ó bhochtán riamh ach is amhlaidh a bhíodh sé de shíor ag robáil is ag goid ós na tighearnaí talmhan a “n-agents” is a leithéidí agus annsan do roinnfeadh sé amach biadh is airgead ar dhaoine bochta an pharóiste. Thagaidís siúd chuige ó gach áird agus tá sé ráidhthe nár leig sé duine ar bith riamh folamh ó’n a dhoras.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Pádruig Ó hÉalighthe
Inscne
fireann
Aois
65
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cluain Chaoin, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge