Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 034
- XML “Insín na Glotharnaí”
- XML “An Gadaí Mór agus an Sagart”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lucht na creiche. Chuaidh na beacha isteach san bheacair airís agus d’imthigh Gobnait abhaile leis an gcreich.Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh – Pádruig Ó hÉaluigh
A Sheoladh – Cluain Caoin, GleannFleisge, Cill-Áirne
A aois 65 Gairm-bheatha - Feirmeóireacht - An Gaduidhe Mór agus an SagartBhí gaduidhe mór i nGleann Fleisge fadó – na ceadta blian ó shoin – agus dar ndóigh bhí go leor acu dann sa t-sean aimsir má’s fíor na sean scéalta. Níorbh aon iongadh gur tugadh Gleann Fleisge na mBitheamhnach ar an áit. Ach an gaduidhe mór seo b’é ainm a bhí air ná Cian agus tugtaí Cian na mbeann n-Óir air de bhrigh go raibh sé amuigh air go raibh cáirne airgid foluighthe aige san bpluais ‘na raibh comhnuidhe air i bFaill a’ deamhain.
Níor ghoid sé oiread is pingin ruadh ó bhochtán riamh ach is amhlaidh a bhíodh sé de shíor ag robáil is ag goid ós na tighearnaí talmhan a “n-agents” is a leithéidí agus annsan do roinnfeadh sé amach biadh is airgead ar dhaoine bochta an pharóiste. Thagaidís siúd chuige ó gach áird agus tá sé ráidhthe nár leig sé duine ar bith riamh folamh ó’n a dhoras.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó hÉalighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Chaoin, Co. Chiarraí