Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Insín na Glotharnaí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Insín na Glutharnaighe

Chuaidh Fingín Ó Donnchadha an Ghleanna agus a shaighdiúirí go Baile Mhúirne uair amháin ag glachadh creiche. Shroiseadar Baile Mhúirne in am mhairbh na h-oidhche agus thosnuigheadar láithreach ar gach capall agus gach beithidheach a sholáthair chucha. Pé in Éirinn é dhúisigh muintear na h-áite agus chuireadar in a gcoinnibh. Bhí Finghín agus a chuid fear ró láidir dóibh, rugadar an chreach leo agus siar leo i dtreo an Ghleanna airís.
Chuir muinntear Bhaile Mhúirne a gcomhairle i dteannta chéile annsan feachaint cad a bfearra dhóibh a dhéanamh agus indeire na dála shocruigheadar go raghaidís ar lorg foirthine ar Naomh Gobnatan mar bhí an-iongantaisí á dhéanamh aici leis na beacha beannuighthe an uair úd. Pagánach do b’eadh an taoiseach a bhí ortha agus níor mhaith leis dul chúiche ac b’éigean do. Gheall Naomh Gobnait go dtabharfadh sí a gcuid stuic ar ais chúcha ar choingheall go n-iompóchadh an taoiseach ‘n Catoiliceach. D’iompuigh sé. Siar in ndiaidh luchta na Creiche le Naomh Gobnait an beacair na láimh aici agus í cosnoctuighthe. Tháinig sí suas leo ar teorainn an dhá chonndae agus do chraith sí an bheacair san aer agus tháinig na beacha amach. Dhein saighdiúirí dhíobh. Bhí an-bhruighean idir an dhá dream annsan agus sa deire cuireadh an ruaig ar

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Pádruig Ó hEáluighthe
Inscne
fireann
Aois
65
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Gleann Fleisce, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge