Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)

Suíomh:
Raheen, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Peig, Bean Uí Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Slí na Naomh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Slighe na Naomh

Tá tobar beannuighthe againn-ne annso i nGleannFleisge agus tobar an Naomh a tugtair air. Thuas ar thaoibh an chnuic ar an dtaobh theas d’Inse an Ghleanna atá sé.
Tá bearna trí sna sléibhte annso agus casán ag dul ó dheas trí sna cnochaibh is na gleanntaibh cruinn díreach go dtí an Guagán. Is ar an gcasán san a tugtair “Slighe na Naomh.” Seo mar atá an sgéal i dtaobh an tobair beannuighthe ag na sean daoine i nGleann Fleisge.
Fadó nuair a bhíodh na Naoimh ag imtheacht ar fuaid na h-Éireann ag craobh-scaoileadh an chreidimh dos an pághánaig tháinig Naomh Fionnbarra agus comhlucht Naomh in a theannta agus chaitheadar oidhche tuas ar Dhrom a Bhráca. Bhíodar ag teacht ó’n gCathair mar a raibh comhnuidhe ar Naomh Craobhdhearg an uair úd. Bhíodh an Naoimh go léir ag dul mór thimceall mar sin san am atá thart agus adeirtear go bhfuair Fionnbarra órdú ó Dhia mainistear a thógaint dó féin i nGúgán.
D’fágadar Drom a’ Bhráca go maidin ach go h-áirithe agus do ghluaiseadar ortha ó dheas trí sna cnochaibh – Fionnbarra ar thosach agus na Naoimh eile go léir 'na dhiaidh d’réir a gcéim.
Nuair a shrois sé an Guagán thug sé fé ndeara gur dhearmaíd sé a spéaclaí agus a leabhair ar Dhrom a’ Bhráca. Thug sé an sgeal do’n duine a bhí ar a chúl agus thug seisean

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
(ní thugtar ainm)
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Dómhnall Ua Loinghsig
Inscne
fireann
Aois
72
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cluain Chaoin, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge