Scoil: Ráithín (B.) (uimhir rolla 9304)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ua Cróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (B.)
- XML Leathanach 409
- XML “Slí na Naomh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Slighe na Naomh Tá tobar beannuighthe againn-ne annso i nGleannFleisge agus tobar an Naomh a tugtair air. Thuas ar thaoibh an chnuic ar an dtaobh theas d’Inse an Ghleanna atá sé.
Tá bearna trí sna sléibhte annso agus casán ag dul ó dheas trí sna cnochaibh. Is na gleanntaibh cruinn díreach go dtí an Guagán. Is ar an gcasán san a tugtair “Slighe na Naomh.” Seo mar atá an sgéal i dtaobh an tobair beannuighthe ag na sean daoine i nGleann Fleisge.
Fadó nuair a bhíodh na Naoimh ag imtheacht ar fuaid na h-Éireann ag craobh-scaoileadh an chreidimh dos an pághánaig tháinig Naomh Fionnbarra agus comhlucht Naomh in a theannta agus chaitheadar oidhche tuas ar Dhrom a Bhráca. Bhíodar ag teacht ó’n gCathair mar a raibh comhnuidhe ar Naomh Craobhdhearg an uair úd. Bhíodh an Naoimh go léir ag dul mór thimcheall mór thimceall mar sin san am atá thart agus deirtear go bhfuair Fionnbarra órdú ó Dhia mainistear a thógaint dó féin i nGúgán.
D’fágadar Drom a’ Bhráca go maidin ach go h-áirithe agus do ghluaiseadar ortha ó dheas trí sna cnochaibh – Fionnbarra ar thosach agus na Naoimh eile go léir in dhiaidh d’réir a gcéim.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Chaoin, Co. Chiarraí