Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- XML Leathanach 270
- XML “An Buachaill Aimsire agus na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Buachaill Aimsire Agus Na Sidhe-Óga Bhí feirmeoir ann fadó agus bhíodh sé ana cruaidh ar a lucht oibre. Níor mhaith le h-aoinne dul ag obair chuige mar bhí an droch ainm air. Uair amháin bhí sé de mí-ádh ar buachaill dul ag obair chuige agus an chéad oidhche dubhairt an máighistir leis an mbuachaill seo eirighe go moch ar maidin, mar go raibh coirce le cur i bpáirc an tSrutha. Deirigh an buachaill leis an gcéad sholas ar maidin acht ní raibh aoinne chun a bhreacfast do thabhairt dó. Do bhí air dul ag obair gan greim d’ithe. Nuair a tháinig an dinnéar dob é an sgéal céadna é. Ar bun na páirce do bhí lios agus chúaidh an buachaill ann. Chonnaic sé sidhe-óga ann agus dubhairt sé leo go raibh ocras air. Do thug na sidhe-óga rud le nithe agus le nól dó agus thugadar airgead dó leis. Dubhairt sé leó núair a bheadh an coirce bainte aige ná déanfadh dearmhad ortha. Núair a bhí an coirce bainte aige chuir sé mála mór de in aice an leasa. Chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mrs Leahy
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Farmer's wife (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mucros, Co. Chiarraí