Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aodhagán Ó Rathaille Rugadh Aodhagán Ó Rathaille timcheall na bliadhna 1675. Dá bhrígh sin chonnaic sé an cuid deiridh de’n dara ré de Stair filidheachta na Núa-Gaedhilge - Ré an mheathlúcháin, núair a bhí an sean-léighinn agus sean-ealadhna na héigse ag dul ar gcúl. Do bhí sé n-a ógánach núair a bhí an sean-duine, Dáibí ó Bruadair ag ceapadh filidheachta mar gheall ar éachtaibh an tSáirséalaigh.
Do chonnaic Aodhagán an t-athrú mór a tháinig ar Éirinn núair d’imthigh an Sáirsealach. Do chonnaic sé na sean-úaisle dhá ndíbhirt, sealbh a gcuid talmhan do bhaint de ghaedhealaibh, dlighthe pianaimhla dhá gceapadh i gcoinnibh creideamh na ndaoine, creachadh agus cos-ar-bolg d’á n-imirt ar chách ag Gallaibh.
Gheibhimíd pichtiuirí de’n droch shaoghal agus de’n atharrú mór a bhí ar siubhal, n-a chuid filidheachta. Ag dul i mbrónaighe a bhí a chuid amhrán do réir mar a bhí an saoghal ag dul in olcas. De réir deallraimh rugadh é san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Mínteoga, Co. Chiarraí