Scoil: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Eoghan Ruadh Ó Suilliobhán B’é Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin an file dob óige d’fhilíbh Muimhneacha de’n tríomhadh ré de stair filidheachta na núa-Gaedhilge taobh amuich d’fhilíbh gan áird. Baineann sé le deireadh na Ré aimsir an mheathlúcháin-núair a bhí ealadhna cliste na bpríomh-fhile dá lot is dá truailliú ag rannairíbh glioca gan bun-smaointe, núair a bhí an binneas ag atharú chun gliogair. B’é Eoghan Ruadh file deiridh na “sgoile.” Sómpla maith iseadh é de lochtaíbh na sgoile agus de’n mheathalú a ráinig di i ndeireadh na Dála.
Nuair a rugadh Eoghan Rúadh bhí na sgoile fé lán-réim, agus cuid de na filíbh ab fhéarr ag ceapadh amhrán mbinn. Dhein Eoghan Rúadh aithris ortha. Ghlac sé na smaointe úathu, ghlac sé na méadair úatha. Ghlac sé na téarmaí fileata agus na samhlaoidí úatha. Ghlac sé na fuirmeacha agus na múnlaí úatha. Dúbhairt sé na rudaí chéadna a bhí ráidhte aca san.
D’fhígh sé na focail le chéile go cliste is go céolmhar, fé mar do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Mínteoga, Co. Chiarraí