School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 157
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí bean ann fadó. Siobháin Ní Brosnacháin a b’ainm di. Ní dubhairt sí le h-aoinne ríamh a chuaidh isteach “Bí id’ shuidhe.” Dubhairt an bhuachaill seo, dárbh ainm dó Seán le na compánaig go dtástálfadh sé féin í.
    “Ní h-aon cabhair duit é” ar síad. “An gcuirfidh tú síos geall air?” “Cuirfidh mé” ars’an fear eile.
    “Cad é an geall?” “Deich sgillinge.” “Tógfaidh mé suas é.”
    “Cionnus a bheidh fhios agam go n-abróchaidh sí é?”
    “Leig dod’ driothair teach liom.” “Táim sásta leis.” Chuaidh an beirt isteach.
    “Cad is ainm duit” ar sise. “Seán bí id’ shuidhe.”
    “Seán bí id’ shuidhe!” ar sise le sean-bhlas air.
    “Beidh mé cheana le toil mná an tíghe” arsa Seán agus shuidh sé.
    “Ní h-é sin a deirim in aon chor.” “Ó tá fhios agam go dían mhaith gur annamh leat é do rádh. Tabhair dom greim le n-ithe” arsa Seán.
    “Do thabharfainn dá mbadh dhóich liom go dtáctfadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Airne, Co. Chiarraí