Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “Scéal Cráifeach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Cráibhtheach
    Sgéal é seo in a ngéillead na daoine críonna a cómhnuighead i Lios-Póil agus fiú amháin go dtí an lá atá indhiu ann maireann daoine sa pharóiste a cuimhnigheann ar an muinntir a bhí páirteach sa sgéul.
    Baintreach mná a bhí ann. Bhí beirt mhach aici – lad fásta súas ina bhfearaibh scafánta láidre. Bhuail an fíabhras iad, rud nár annamh san t-sean saoghal trí fichid blian ó shoin agus an ndóigh ní h-aon iongnadh go dtaghadh an fíabhras ‘san am san de dheasgaibh an cruadhtain tré ‘na ngeibheadh na h-aindiseóirí bochta – na droch-tighthe a bhíodh acu in a mbhíodh d’ainmidhitibh aiges na daoine bailighthe isteach ‘an chistin sa dubhluchair. Níor bheag de cúis a riaradh san cun aicídí a tarrac ar na daoine. Ach, cun leannúint ar mo sgéul bhuail an fíabhras an bheirt ógánach. Bhíodar sínte ar a leabhtacha agus gan aon tsúil go n-éireóchaidís go bráth airís. Bhí croidhe na máthair briste nuair a tuigeadh dhí go raibh a beirt mhac a’ fághail bháis. Buaileadh isteach ‘na h-aigne go mbfhéidir leis an mbeirt turas a thabhairt thar n-ais uirthi tar-éis a mbás – gur mhór an sásamh ar a h-aigne é. D’iarr sí ortha teacht chúichi dá mbféidir in aon chor leo é, agus ghealladar dí. Cailleadh agus cuireadh ‘an uaig iad. Bhí an mháthair ‘na h-aonar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobháin Ní Chróinín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leaca Bhán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Gearóid Mach Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios Póil, Co. Chiarraí