Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalOidhche lae Mártain a bhí ann. Dá oidhche déag ó oidhche Shamhna go h-oidhche lae Mártain. Bhí an feirmeóir i dtig tabhairne agus dubhairt sé go raibh aithreachas air ná raibh sé sa bhaile mar nár imthig aon oidhche lae Mártain riamh uaidh ná ón a athair roimis ná marbhóchadh sé mairt. Dubhairt fear an tighe go raibh sé luath a dhóithin fós. “Nílim” ars seisean. Chuir sé dhó chómh tapaidh is d’fhéad sé, agus dubhairt an guth leis é do thógaint go bréagh socair go raibh an méid sin déanta ag a mhac roimis. Chuaidh sé abhaile agus dlfhiafruig sé dá mhac ar mhairbh sé aon nídh. Dubhairt sé gur mhairbh. “Cad a marbhuigís?” ar seisean. “Marbhuigheas caoire dubh” ar seisean. “Cad na thaobh nar mharbhuigís ceann a b’fearr ná í sin?” “Eirig id shuidhe go ragaimíd d’iarraidh ceann a bhfearr ná í.” Ní fhéadfaidís na caoire do chur isteach. Dubhairt a mhac leis dá mbeidís gan caoire do mharbú go deó airís ná raghadh sé féin níos déine ortha. D’éirig an t-athair lá ar na bháireach annsan. “Cad é an t-éiteach a dubhraois liom aréir?” “Ní dubhairt aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí