Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Scéal fá Eoghan Rua Ó Súilleabháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal fá Eoghan Ruadh Ó Shúilleabháin
    Bhí sagart paróiste agus sagart óg ar an mbóthar lá. Connacadar Eóghan Ruadh ag teacht chúca. Dubhairt an sagart óg go gcuirfeadh sé “Silence” air. “Bfearra dhuit é scaoileadh thart" ” arsan sagart paróiste. “Is cuma liom mhuise” arsa’n sagart óg. Bhí an fiach dubh ós a gcionn in áirde ins an spéir agus “bhác bhác” aige. “Cad tá a rá” arsa’n sagart le h-Eoghan Ruadh. “Tá --
    “Nuair a raghaidh an mhíol mór ar an Maing.
    Nuair a raghaidh an Fhrainnc go Sliabh Mis.
    Nuair a thréigfidh an eaglais an t-sainnt.
    Sin í an uair a tiocfaidh an cainnt d’on bhfiach dubh.”
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Tig na mBocht,
    Cíll Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
    Baile Ruistín
    Daingean Uí Chúise.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí