Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Luibheanna
    Ní bhfaigheadh na mná aon tsásam gan ‘bunch’ de fraoch a thabhairt leotha cun na gciléaraí do scóladh. Dheinidís sgúab díobh leis cun an tinnteáin do sgúabadh.
    Aon talamh go mbeadh liath-lus ag fás air deinfeadh sé ana díoghbháil dos na h-ainmidtibh. Téigheann sé isteach san ae agus nuair a raghaidís cun tailimh maith féin ní raghaidís cun cinn ann.
    Leigheas “Pills” do thabhairt dóibh ‘na dtrosgadh.
    Buachaillín Buidhe: Ní fhásann sé in áit go mbeadh talamh maith. Bhí feirm talmhan le bheith ar cheannt. Chuaidh fear amach cun go gceannóchadh sé é ar an “auction.” Bhí an t-athair an-chríonna agus ní raibh an radharc ró mhaith aige agus nuair a chuadar isteach “Seo ceann des na páirceannaibh” ars’ an mach leis an athair. “Féach timcheall ort féinig féachaint an cifeá an buachaillín buidhe ag fás ann.” “Ní fheicim aon ceann aca” ars’ an mach.
    “ Ná bac tarrac ort í” ars’an athair.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí