School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 108
  3. XML “Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach

    Bhí beirt pairtidhthe in a gcómhnuidhe in aonfeacht le na chéile, bhíodar ag déanamh "potín"...

    “Cam caláin na bláthaighe géire
    Cam ocrach agus uaigneach.”
    Bhí beirt pairtidhthe in a gcómhnuidhe in aonfeacht le na chéile, bhíodar ag déanamh “poitín.” Tháinig mach le duine acu a bhí ins na peiléir abhaile ar a laetheanna saoire. Bhí sé féin agus a athair ag chainnt chois na teine oidhche agus d’fhiafruig an mach de an raibh sé á déanamh an “poitín” fós. Dubhairt sé go raibh. “Tá tú ag chaitheamh d’aimsire go doimhín glan leis gan é a thabhairt isteach go dtí an Baile Mór le díol. “Ní fheadar” arsan t-athair. Dubhairt an mach leis é thabhairt isteach Dé Luain go dtí an baile mór a bhí chomhgarac dó. Dubhairt an t-athair go dtabharfadh sé isteach Dé Máirt é. Ní raibh fhios ag an athair cad a dhéanfad sé agus chuaidh sé go dtí a comraidhthe chun cómhairle d’fhaghail uatha. D’innis sé dóibh connus a bhí an sgéal aige. “Ní fheadar” arsan comraidthe leis. “Dá ndéanfá rud orm ní glacfa cómhairle do mhich. "Cad na thaobh?” arsan fear “ní foláir ní dhéanfad mo mhac aon rud fealltach orm.” “Ná chuir aon ionntaibh as na peiléir nuair a chuireann siad an beilt ort. Má dheineann tú rud orm
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Airne, Co. Chiarraí