Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 106
  3. XML “Sean-Nósanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Nósanna
    Ní bíod aon lasáin ag muinntir na tuaithe tímcheall le leath céad blíadhan ó shoin. Nuair a bhíod an teine in éag ar maidin is é rud a deintí ná dul ‘dtí tig cómharsan ag lorg spré teine leis an ádh-úghad in a dtig féin. Ach ní h-é gac aon cómharsa a thugadh síol na teine uaid le h-eagla go mbéarfad an t-íarratóir rath na blíadhna ó’n dtig.
    Bidtí ana-aireach go léir i dtaobh an ime do dhéanamh. Dá dtagadh duine isteach sa tig le linn an h-oibre sin a bheith idir lámhaibh, iarrtaí ar an gcuairteóir casadh a (baile) bhaint as an mheidhir. Creidtí dá dtugadh an duine aon cabhair uaidh ag déanamh na coiglinne ná fhéadhfadh sé an t-ím a fhúadhach.
    Ní tabharfaí an bhuarach (spancel) (an lainncis a cuirtear ar chosaibh na mbó nuair a bhídtear á gcrú) do dhuine ar ór, ná ar airgead le h-eagla beadh an rath ar na búaibh.
    Ní tabarfhadh fear iasacht dimhis uaidh sul a fuadóchfaí na gcaoireach agus a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Cróinín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leaca Bhán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Gearóid Mach Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gabhlán Beag, Co. Chiarraí