Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tithe na Sean-aimsireTrom a bhíodh mar ceann ar na tigthibh fadó. Ghéibhtí an trom sa coill. I gcladhthacha críonna is mó a bhíodh sé ag fás, é féin agus dair. Bíodh leabaidh sa cúinne in aice leis an dteine – leabaidh cnaiste a tugadh uirthi. Bíodh an teine i lár na binne agus leabaidh ar gach taobh go minic. Bíodh poillín ar dhíon an tighe cun an deatach do leigint amach. Ní dhéanfadh cré bog an moirtéil ‘n aon chor. Bhíodh ortha an criadh ceart d’fághail. Tá dhá saghas de ann – an criadh a bheadh ceangailte do’n léan, ní h-aon mhaitheas é sin. An criadh (nó cré) ná ceanglocadh do’n léan, sin é an ceann is fearr.
Bhíodh dhá dhoras ins na tighthibh ach is minic ná raibh ann ach aon doras amháin. Bíodh an doras i bhfad ó’n dteine cun fothain a bheith ag an simné.
Ní bhíodh aon fhuinneóg ann ach ag brath ar an ndoras cun an solas do leigint isteach. Is minic a bhíodh poll ann agus sop féir a sathadh isteach agus é líonadh go maith.
Solas agus adbhar dteine “Rootaí” den gcraobh glas. Strachaidís anuas de’n claidhe mar is maith an teine an t-aiteann glas nuair a thagann as uaidh féin. Bhí scuilb giuimhaise nó geatairí aca. Baintí an croiceann de’n geataire agus é tumadh in íle agus fágtaí ‘na seasaimh iad san íle agus lastaí iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Míceál Ua Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí