Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 059

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 059
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul.
    Bhí sagart ins an baile mór ceithre bliana tréis ordaining a dhéanamh air, agus bhí ministear timcheall le míle macaire d’túaith uaidh agus bhí cailín ana bhreágh d’inghean aige. Níor mhair a mháthair in aon cor. Bheul, chúaidh an sagart agus bain sé dhe culaith an Aifrinn agus chuaidh sé go dtí an parson agus d’fhan sé ann in aonfeacht leo. Bhí fear meadon aosta agus bhí ana-ghéar-caint aige. Tadhg Ó Loinsig a b’ainm dó. “Mhuise a athair,” ar seisean leis an sagart paróiste. “Tabharfad-sa fé sin Dé h-Aoine.” “Is suarach on tairbhe duit sin” ars’ sagart. “Is cuma liom. Tástálfad é ac go h-áirighthe,” arsa Tadhg. Bhí cailín bocht aagus chuaid sí go dtí tig an pharsúin ag lorg blúraí beaga bídh d’fhanfadh na ndiaidh. Chuaid Tadhg go dtí an cailín bocht sa féachaint cad é an t-am a bhíodh an dinnéar acu. “Timcheall a h-aon” ar sise. Is cuma cad é an t-am; bheadh sé lá luath acu agus lá déanach acu. Crothfaid sí an clog beag nuair a bheidh sé ollamh aici.” Chuaid sé isteach Dé h-Aoine nuair a chuala sé an clog á buaileadh agus shuidh sé suas cois na teine. Bhí inghean an parsúin ag faghailt dinnéir dóibh agus do chuir sé isteach ró comhgharach do’n teine. Chuaidh sé suas an tseomra go dtí a h-athair. Dubhairt Chuaid sé isteach Dé h-Aoine nuair a chuala sé an clog á buaileadh agus shuidh sé suas cois na teine. Bhí inghean an parsúin ag faghailt dinnéir dóibh agus do chuir sé isteach ró comhgharach do’n teine. Chuaidh sé suas an tseomra go dtí a h-athair. Dubhairt sí ná féadfadh sí aon nídh a dhéanamh. “Cad na thaobh?” arsan t-athair. “Tháinig fear bocht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Innéacs seanscéalta
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí