Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 053

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 053

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 053
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar beannuighthe
    Atá tobar beannuighthe ar a dtugtar “An Ceallúr” i gceanntar Cillocaráine i bparóiste Lios-a-trí. Tugtar dá thuras ann ‘chuile bliain an céad ceann i mí Bealtaine agus an tarna ceann i mí Dheire Fógmhair. Téighthear ann trí Sathairn i ndiaidh a céile taréis dul fé na gréine agus trí Dómhnaighe roimh eirghe na gréine le h-aghaidh an céad turais. Deintear mar sin le h-aghaidh an dara turais leis. Leigheastar mórán Éireann daoine ann - go mór mór íad siúd ag a mbíonn tinneas cnámh agus tinneas cléibh. Ní oltar an t-uisge in aon chor: is amhlaidh a cimiltear é leis an mball tinn, agus tógtar buideál de abhaile i gcómhnuidhe. Deireann gach turasóir an Coróin Mhuire ann.
    Do léigtí Aifreann ann nuair a bhí na Péin Dlighthe i bhfeidhm in Éirinn. Thosnuig saor ag tógaint mainistreach ann ach nuair a bhí trí troighte tógtha aige goideadh uaidh a cuid uirlisí agus tógadh iad go dtí go dtí Mainistir Oirbhealaig . (Bhíodar á thógaint an t-am úd leis.)
    Gar do’n tobar tá crann, agus umar baistidhe sáidhte ‘san gclaidhe. Bíonn an t-umar sin lán d’uisce de shíor. Tamall beag uaidh tá carn cloch agus roilig in a gcuirtí leanbhaí óga in allód. Os cionn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Cúrnáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Séan Ua Cúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chúil Bhán, Co. Chiarraí