Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 052
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Sgéul
    Beirt buachaillí a bhí ag dul go dtí an tig féuchaint ciaca aca a phósfadh an cailín. Nuair a tháinig siad isteach d’fhiafruig bean an tíge de cad a dhéanfaidh an oidhche anocht. “Ní dhéanfaidh sí aon nídh fhóganta. arsa duine aca. “Cad-na-taobh?” ar sise. “Tá réiltín na maidne síor ó dheas” i gceann tamaill d’eiríg an oidhche cun gaoithe . Gaibh fear an tighe amach ag fascadh suas an garraidhe ó’n ngaoith. D’imtig a mhac amach agus d’imtig an tarna buachaill. “Bhera” arsa bean an tighe “Cad-na-thaobh ná raghfá-sa amach in aoinfeacht leó. Muise, ní raghadh nó fhaid mo choise in aoinfeacht leo mar “ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb: Dá mbeadh gach aon nídh fáisgithe suas aca níor gádh dóibh bheith ag rith amach anocht.
    Nuair a chuala an cailín é sin – a leithéid d’fhear críochnamhail a bheith ann – níor fhan aon tor dí ag an bhfear eile. Pós sí é seo agus nuair a fuair sí é seo ní raibh tig ná treabhadh roimpi aige. Fuair sé bean a bharra ach ní raibh mórán d’á barr aíci.
    Ainm an duine a thug an sgéal dom:-
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sé a h-óige:-
    Baile Ruistín
    Daingean Uí Chúise.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padruig Ua Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí