Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 025
  3. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-scoileanna
    Bhíodh scoil ag cuid des na leanbhaí fadó i gcró na mbó nó i sean-cabhán. D’íochadh an feirmeóir coróin le h-aghaidh na leath-bliana do’n mháighistir nuair chúiteamh ar an scoilidheacht a thugadh sé dá líon-tighe. Leach agus sláta a bhíodh ag na scoláirí le h-aghaidh scríbhneóireachta. Bhíodh leabhair aca. D’íolaidís dhá phingin ar an chéad leabhar-dhá scilling ar an dara leabhar agus scilling an luach a bhí ar an Spelling Book. Bhíodh leach mór ag an máighistir. Scríobhadh sé uirthi ar an dtalamh agus agus é ar a dhá glúin. Ní bhíodh aon uaireadóir aige ach leigeadh sé abhaile na cailíní agus na buachaillí nuair a taidhbhsigheadh dhó go mbíodh sé buailte len a ceathair a chlog. Gheibhidís mí de laetheannta saoire um Nodlaig, coithcigheas um Cháisc agus trí aeachtmhaine sa t-Samhradh. “Three weeks from nest Monday to be here again “a deireadh an máighistir. Bhíodh eagla go leór ortha roimh an máighistir. Téigheadh siad ar scoil go h-am a bpósta agus iar bpósta dá lán aca.
    Bhíodh cómhnuidhe ar an máighistir i dtig bheag amuigh fé’n dtuaidh. Thagadh sé ar scoil de siubhal a chos. Nuair a bhíodh an mhaidin fliuch tagadh duine dá mhuinntir leis cuid de’n tslighe le cairt agus asal. As ló a bhíodh an scoil ar siubhal.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ua Muircheartaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí