Scoil: Loch Coiteáin (uimhir rolla 10049)

Suíomh:
Drom Mhic Báin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Pósaithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Pósaithe

San inid is mó deineann daoine na h-áite seo do phósadh. De réir na sean-daoine bhíodh mí-ádh éigean ag gabhail le daoine a phósfaí í Mí na Bealtaine. Má pósfair í Mí na Bealtaine beidh cathú ort. Tá piseóga fé leith ag gabhail le pósadh. Síltear nách mbeadh aon rath ag beirt a bhuailfí le socraidh ar slighe dóibh chumh an t-seipéil nó ar filleadh abhaile dhóibh thar éis bheith pósta. Síltear leis gur mhaith an chomhartha é don bheirt an grían do bheith ag taitneamh go soillseach lá an phósta.
Deintear cheamhnaisí san comharsanacht seo. Síad tuismightheóirí is cáirde na beirte a dheineann an cleamhnas. Nuair a bhíonn sé ar intinn ag fear a ingean do chur i gcríc cuireann sé cara le cunntas cleamhnais dá rogha bhuacalla.
Stócach a gláodtar ar an nduine a théigheadh leis an dteactaireacht

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
John Looney
Inscne
fireann
Seoladh
Gort Droma Ciarraí, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge