Scoil: Loch Coiteáin (uimhir rolla 10049)

Suíomh:
Drom Mhic Báin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Arán - Steaimpí a Deintí Fadó

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Arán – Stampaí deintí fadó

Faigtí prátaí úra is deintí iad do nigheadh go maith. Ní deintí an croiceann do bhaint díobh. Deintí iad do sgriobadh ar an ngrátaer. Faightí piosa eadaig glan is cuirtí an pulp isteac an is deintí iad d’fháisgead go maith cum an t-uisce do baint as. Cuirtí isteac sa mhíosa é is deintí é do fionnadh le na lámha mar a deintear leis an plur indiu. (Cuirtí ghráinne salainn ann). Deintí cruim é i bhfuirm císte. Faigtí leac mhór glan-réidh. Faigtí crann ráin-bloc adhmaid is trí cosa fé-díreach mar d’fhás ar an gcrann é.
Cuirtí an císte ar an leic. Níor ceanglaigheadh sí leis an leic mar bhíodh sé fliuc. Cuirtí an leic in a seasamh i gcoinnibh an crann maide ós comhair teine dearg cum na císte do bhácáil. Deintí an léac d’iompáil de réir is a bhíodh an císte ag cruadhactaint. De réir is a triomuigheadh sé bíodh sé ag sleamhnú den leic diad ar ndiag. Annsan deintí an taobh eile d’iompáil cum an teine. Nuair a bhíodh an taobh sin chruaidh bíodh sé

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Mrs T. O' Shea
Inscne
baineann
Seoladh
Mucros, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge