Scoil: Loch Coiteáin (uimhir rolla 10049)

Suíomh:
Drom Mhic Báin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Clochairín

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0454, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Clochairín

Siar díreach ó Gort-a-Chúnlaig, tá árdán ar a dtugtar Clochairín. Roilig is eadh í. Fadó, deintí catoilicig do chur innte. Acht níl aoinne curtha ann anois acht protustúnaig. I lár na Roilge sin, tá Cill bheag in a bhfuil umar uisge coisreachta is leach mar áltóir. Deirtear go bhfuil an chill seo an gcill is ársa is is lugha in Éirinn. Ar an dtaobh shiar na roilge tá crois Cheilteach tógtha ós cionn uaighe na Tighearna Talmhan – muinntear Uía h-Éarbairt.
Iseadh na tenneóntaidhte do dhíol as, is in onóir na h-ócáide tugadh féasta mhór dóibh san dtig mhór – a bhí ag Bun an Thuirc. Tá an tig sin in a Fhotharach anois. Tá tig eile tógtha ar bhruach Locha Léin. B’é Mac Uí Bincent - an duine deireannach do chomhnaig san tig. Bhí eastáit mhór ag gábhail leis an dtig is do bhronnadh an estáit ar an Riaghaltas. An Páirc Náisiúnta anois a ghlaodhtar ar an bpáirc.
T. O’Shea

Faisnéiseoir
T.O' Shea
Inscne
fireann
Seoladh
Mucros, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge
Suíomh
An Cloichrín Íochtarach