School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gníomh go Leith (B.)
- XML Page 347
- XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal eile i dtaobh Aodhgáin”
- XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal i dtaobh Eoin Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'S ní fearr dúinn an t-Aifreann ná suidhe ar an móin."
- Timcheall le caogadh blian ó shoin, bhí sé de nós ag na fearaibh óga, dul síos go Co. Luimnighe, cun an bFóghmhar do dhéanamh.Do bhaluigheadh scata fear le chéile, agus i gcómhnuidhe 'na measch, do bhí Eóghan Ruadh. Ar a ndul síos dóibh, do bhíodh Eóghan ag innsint na scéalta, agus ag canadh na ndán dóibh.
Annsan do thosnuighidís ag obair le feirmeóir, ag baint an fheir, is á' tharraingt isteach, agus ag baint na bprátaí. Ar aon chuma, bhíodar an lá so ag tarraingt an fheir isteach, agus bhí Eoghan Ruadh ann. Do b'é donas an scéil ar fad ná, an págh shuarach a gheibhidís. Um thráthnóna, nuair a bhí an sop deireannach churtha suas ar an gcruaich, tháinig an feirmeóir féin. Fear mór beathuighthe do b'eadh é, agus bhí rian a choda air.
Do bhí na pící go léir sáidhthe ar an dtalamh, agus bhí na fir ag sileadh a gcuid alluis tar éis an lae. "Cá bhfuil an Ciarraigrach" arsan feirmeóir. "Annso" arsa Eóghain. "Bhel a fhir mhaith," "an bhfeachais ríamh cruach i gCiarraighe cómh mór le sin" ar siesean. "Dhera a dhuine ná bhí ag magadh fuat". "Mo thruagh do cheann a phlaicidhe" arsa Eóghain, "tá cruacha i gCiarraighe, agus ní dheinfeadh an chruach sin súgáin dóibh." Láithreach bonn, do chuir sé sceón agus crith eagla ar an(continues on next page)- Collector
- M. O Dálaigh
- Gender
- Male
- Address
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Informant
- Bean Ui Mhuimhneacháin
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí