Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)

Suíomh:
Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Cormac Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 346

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 346

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Leathanach 346
  3. XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal i dtaobh Aodhgáin”
  4. XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal eile i dtaobh Aodhgáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí na stáisiún i Screathan-an-Mhíl maidin, agus chuaidh Aodhgán ann. Maidin fhliuch, gaothmhar do b'eadh í. Dá bhrígh sin, do bhí na daoine go léir ag brúghadh cun na teine. Do bhí Aodhgán leathta ós chómhair na teine amach. Bhí san go maith, agus ní raibh go h-olch.
    Sa deire, tháinig an sagart. Chonnaich sé an crut a bhí ar Aodhghán, ach ní dúbhairt sé faich. Sa deire, tháinig beirt bhan isteach, agus iad fliuch báithte. Níor fhág Aodhgan an áit 'na raibh sé. Ach dúbhairt an sagart leis na mná a leagaint cun na teine. D'eirig Aodhghán, agus scaimh air, agus chuaidh sé síos go bun na cistineach. Do shuídh sé ar ghabháil móna a bhí ar chúl an dhoruis ann. Sa deire, thosnuig an t-Aifreann. Pé streach-fheachaint a thug an sagart air, chonnaich sé faid mo láimhe de phus air, agus a cháibhín ar a cheann aige. Dúbhairt sé leis a cháíbín a bhaint de.
    Ach mhuise a Athair níl ann ach sup tuighe cun mo cheann do thoimeád tirm, ars' Aodhghán, agus leis sin do chúm sé an dán so.

    "Ní hé an bhochtanas is measa dhúinn, is bheith shíos go deó,
    Ach an tarcuisne a leanann, Ó nó leigheasfadh na leómhainn,
    Más mar an Eaglais an t-Athair Mach, ní'l brígh in ár ngnó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    M. Ó Dálaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Ui Mhuimhneacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    Gníomh go Leith, Co. Chiarraí