Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do réir mar is eól dom do chómhnuig naomh nar bh'ainm dí Crobh Dhearg, ag bun na gCíc i dteampall. Níl fhios ag éinne ciacu teampall Págánach nó teampall Caitilicheach é, agus níl fhíos ag éinne, ach ag Día féin. Níl tásg ná túairisg ar an tséipéil anois, agus níl cloch ar chloich ann.Ar aon cuma ta tobar fíor-uisge ann, agus gach Lá Bealtaine téigheann ana cuid daoine ann, is ólann síad uisge an tobair ar maithe le na sláinte. Téighmís go dtí an áit, gach Lá Bealtaine, bíonn cómhtalán ann, agus bíonn tínncéiri ann ó gach áird na h-Éireann. Sé túairim na ndaoine, go bhfuil leigheas san uisge, agus beireann síad buidéal de abhaile leo. Fadó bhí sé de nós ag na daoine, na ba do thabhairt don dtobar, ach tá cosg curtha leis sin anois.Sé mo thúairim nach bhfuil aon tobar naomhtha eile san dúthchaig seo. Téigheann an cuid is mó de na daoine go dtí and tobar, cun trusanna agus Fioghar na croise do dhéanamh, ach téigheann na daoine óga ann cun rínnce do dhéanamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhuimhneacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí