Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)

Suíomh:
Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Cormac Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 329

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 329

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Leathanach 329
  3. XML “An Gabha Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó do bhí ceárdcha ag an gCrois Cairn Duilcínn, agus do bhí sí ag fear mór ar a dtugadh an Ghabha Mór. Bé a ainm ceart ná Seán Ó Crónín. Do réir mar is clos dom ní raibh an cheárdcha so ró mhór ná ró leathan, ná ró dheas. Do chómhnuig an Gabha féin i Leath na ceárdchann.
    Do réir mar do h-innseadh dom fear mór, subháiulcheach, aerach do b'eadh é. Bhí beirt inghean, agus aon mhach amháin aige. Do bhé ainm an mich ná Mícheáilín. Ní nígheadh an Gabha Mór a aghaidh ar ais no ar éigin, agus dé bhrígh sin bí crot an fhir goirm air. Ach núair a bhíodh an lá curtha isteach aige, do thagadh sé go dtí an t-sráidh-bhaile seo, agus d'oladh sé gach pingean a bhí aige.
    Dubhairt na daoine go raibh draoídheacht aige cun franncaig do chur d'aon fheirmeóir, ná thiochfadh go dtí a cheárdcha. Is iad na caoráin dhubha leath-dóighte d'úsáid sé mar gúal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Dálaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Mhuimhneacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    74
    Seoladh
    Gníomh go Leith, Co. Chiarraí