Scoil: Ráth Mhór (B.) (uimhir rolla 16987)

Suíomh:
An Ráth Mhór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráth Mhór (B.)
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Na Manaigh i Ráth Mhór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    feadh seacht mblian ach b'éigin doibh imtheacht as an áit tar éis cúig bliana agus cúig míosa ar na fáthanaibh seo leanas:-
    (1) Lomad cíosa le díol
    (II) Léas neamh-ceart
    (III) Easba talmhan
    Bhí an t-Athair Ó Riain ag iarraidh áit oireamhnach d'o sholáthar dóibh. D'eirig leis fé dheire bronntanas dhá chéad acra talmhan d'fághail i gCo Portláirge ó dhuine úasail darbh ainn Sir R Ó Catháin. Talmh fiadhan sléibhteach a beadh é is do cómhairtuigheadh dóibh gan bachadh leis ac i n-aimdheóin sin do glachadar é. Tamall sar ar fhágadar Ciarraidhe chuireadar fiche bráthair síos go Ceapach Chuinn cun an áit a cur i dtreó agus fallaí a thógaint mór thímcheall air. Chabhruig muinntir na h-áite leó go flaitheamail - dhá céad duine agus sagart paróiste dá dtreórugadh la amhain agus dhá mhíle duine agus sagart paróiste eile ag cabrú leó lá eile. Dá bhrígh sin bhí an áit ullamh i gcóir an chuid eile do theacht i gceann beagán aimsire. Bhíodar an-bhuidheach dos na daoine mór thímcheall na h-áite toisch an cabhair a fúaireadar uatha faid is a bhíodar i Ráthmhoir ach ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge