Scoil: Tuairín Árd (uimhir rolla 14078)
- Suíomh:
- An Tuairín Ard, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Liam Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tuairín Árd
- XML Leathanach 024
- XML “Maidin Cheoidh”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Agus níl aon bhean abh fhearr liom,
Ná an caol-cailín ciúin
D'innis sí dhom leis " Croicheann ta Luach ", ach ós rud go bhfuil sé sin sgríobhta síos cheana níor bhacas leis. Ach cuir sí an giota Gaedhilge seo leis:- (gan teideal)
“Uair amháin bhí an Gobán Saor ag tógáil tighe do rí mór ....”
Uair amhain, bhí an Gobán Saor ag togáil tíghe do rí mór éigin, ná raibh a sárú riamh sa domhan agus n bheadh go deó. Anois bhí an rí cun an Gobán Saor do mharbhú indiaidh an [tígh a thógáil, le h-eagla go dtógfadh sé tigh eile a sháróchadh é. Bhí Dómhnall O Conaill ag gabháíl an treo, agus chuala sé cad abhí an beartuighthe ag an rí adheonamh. D'fheuc sé s (?)l ar an nGobán agus dúbhairt:-.
"Mo Chreac Fhada Chruaidh, a Dhiarmuid Uí Ruairc,Ar bhárr an chaisleáin Ráth Tuath, Gur m'bfhusa duit, dhá chloic a chur anuas,Ná cloc abhreith suas."A, is fíor duit, a mhic ó", arsan nGobán, agus thosnuig sé ag caitheamh síos na clocha ar a dhícheall go dthí go raibh sé leagtha go talamh aige.
"- Faisnéiseoir
- Síghle Doran
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- An Tuairín Ard, Co. Chiarraí