Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)

Suíomh:
Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar naomhta ar an Mináird agus Tobar Naomh Eóin baiste a tugtar air. Tugtar an turas ann ar an naomhadh lá fichead de Lúghnasa gach blíaín. Timcheall le seasgadh blíaín ó shoin bhí beirt bhan darbh ainm Máire Ní Churráin agus Brighid Ní Shúilleabhán ag tabhairt an turais ann. Chrom Máire Ní Churráin síos ag béal an tobair chun naoi clocha beaga do phriocadh a bheadh aici le hagaidh an turais a dhéanamh. Phrioc sí cloch amháin agus bhí ceann fir istig ann. Nuair a thóg sí na láimh é so chonnaic sí go raibh fuil ag sileadh leis. Níor chuir sí leis ná níor bhain sí úaidh acht é do chur ar ais arís san áit in a bhfúair sí é. An bhlíaín na dhíaídh san bhí an bheirt céadhna ag tabhairt an turais agus do ghéaruig bhrighid Ní Shúilleabháin amach roimh Máire Ní Churráin mar cheap sí go bhfaghadh sí an cloch. Acht dá mbeadh sí ag cúardach ó shoin ní bhfagadh sí tásg ná túairisg air. An neómat dár chrom Máire síos fúair sí é acht má fúair do chuir sí ar ais arís é. Thárlaidh an rud cheanann céadhna an triomadh blíaín agus annsan do theasbáineadh an cloch don sagart. Dubhairt sé gurb é ceann Naoimh Eóin Baiste a bhí ann. Do tógadh séipéal sa pharóisde láithreach agus cuireadh an paróiste fé chumairce Naoimh Eóin baiste. Ó shoin i leith bíonn la saoire agus aifrean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí