Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)

Suíomh:
Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Moyderwell Convent of Mercy
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “Stoirm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timpeall le triochad bhliain ó sóin nuair ná ráibh aon t-slighe bheata ag na daoine mór timcheall na h-áite ach iascaireacht. Bhí dhá bád ag iascaireacht i mBágh an Daingean, taobh tiar de Oiléan na h-Inse agus do bháthadh iad.
    Bhí "Brúsgar" mar ainm ar ceann de's na bádaibh agus ná fhios cad abh'ainm de'n ceann eile. Do bhí cúighear nó seisear fear ó leac ar an mbád darbh ainm "Brúsgar". Gearaltach ab'eadh duine díobh agus Dómhnaill ab'ainm do dhuine eile. Do bhíodar amuigh ist d'oidhche ag iascaireacht. Do bhí an oidhche an-stoirmeach agus do casádh na báid taobh thíos thuas. Do tháinig an Ghearaltach isteach i mbarra taoide agus rug Uí Domhnaill ar maide rámha agus do sábáileadh é. Do dhein máthair Uí Domhnaill amhrán mar geall air. Seo é: -
    "An Gearaltach mór
    'Sa tóin go fuair
    Agus é caithte suas ag an taoide;
    Dómhnaill mo mhaoin
    Fear chothaig an tighe
    Do thug mac Muire saor é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mary Sayers
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leac, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mr Garrett Sayers
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Leac, Co. Chiarraí