Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thárla do bheirt sgasthairí bheith i gcuideachtain ag ól oidhche - san áít seo an Fhianait, Thraighlí, Co. Ciarradihe agus tosnuigheadar ag áiteamh ar a chéile cé déanfadh an sgéul b'áiféisighe don cuideachtain. B'iad an beirt ná - Cairbire Mac Aodagáin agus Seán Ó Cliomháin - beirt fhear oibre -Seo an sgéul a innis C. Mac Aodhagáin:
Do thárla do long mhór gráine buidhe bualadh isteach ag Ceann Bhreánnain sa t-seana-shaoghail. Briseadh an long ar an gceann fiadhain sin agus badhadh gach aon mhac máthair a bhí innti. Tiománeadh an gráine i dtír isteac ar an gcladach agus ins an pluaiseanna a bhí go flúirseach timcheall Ceann Bhréannain.Bhí feirmeóír darb ainm Muimhneacháin na chomhnuighe i ngiorracht míle don gCeann, agus bhí dhá chrainín muice aige. Ní ró-mhaith a cotuigheadh sé iad ach leigint dóíbh imteacht ag soláthar dóíbh féín pé áit a gheibheidís greim bídh. Thála don dís bheith ar an gcladach an lá so tréís don gráine bhuidhe bheith tagaithe agus bhí foth-gráine ag bualadh leó fé mar bhíodar ag cuir díóbh sior an cladach ar lag-tragha. Bhíódar ag griodadh leó siar agus ag alpadh an ghráine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó hAinféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Trá Lí, Co. Chiarraí